Video Player is loading.
Current Time 0:00
Duration 0:00
Loaded: 0%
Stream Type LIVE
Remaining Time 0:00
 
1x
    • Chapters
    • descriptions off, selected
    • captions off, selected
      Cáipéisí Phádraig Uí Mhileadha
      4:02
      Roinn le Google Classroom
      SÁBHÁIL
      0
      Fuair Pádraig Ó Miléadha bás sa bhliain 1947 ach tá cáil air i gcónaí as ucht na n-amhrán agus na dánta a chum sé agus as ucht an tseanchais a bhailigh sé le linn a shaoil. Tá a cháil ag leathnú i gcónaí: an t-amhrán Sliabh Geal gCua na Féile ar cheann de na hamhráin is cáiliúla a scríobh sé. Chuir Gearóid Denvir eagar ar bhailiúchán filíochta Uí Mhiléadha don leabhar 'Duanta Aneas' a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta i 1977. I gColáiste na Rinne i nGaeltacht na nDéise le déanaí bhronn sé cáipéisí de chuid Uí Mhiléadha a bhí fágtha ina sheilbh aige ar Leabharlann de Hindeberg atá suite i gColáiste na Rinne. Bhailigh slua ann d’ócáid stairiúil an bhronnta.