Stáisiún Dóiteáin Chorca Dhuibhne
3:48
Roinn le Google Classroom
SÁBHÁIL
0
Creid é nó ná creid, ach fuair foireann an stáisiúin glaoch agus muid ag taifead leo le linn na traenála - ní fios ag aon duine cathain a bheidh cruachás! Chaitheamar an oíche ag an stáisiún agus na fir ag ullmhú i gcomhair aon saghas eachtra a thiocfadh. Deir ceannoifigeach an stáisiún, Breandán Firtéar, go bhfuil na cásanna a chabhraíonn siad leo athruithe go mór ón uair a thosaigh sé siúd ag obair mar fhear dóiteáin, siar i 1999.