Gaeilge
Gaeilge - Léitheoireacht
Scag de réir rang:
Scag de réir rang
Tráth na gCeist Gasta | CLG 🏐 | Le Freagraí ✅
3:20
Tráth na gCeist Gasta | Firicí Fánacha 🤓| Le Freagraí ✅
3:20
Céard atá ceannaithe ag Seán inniu? Tá meacan dearg, meacan bán, milseáin agus mirlíní ina mhála siopadóireachta aige.
An litir 'M'
Ó a Sheáin | Fónaicí
4:49
Tá Seán ag cur slacht ar an ngairdín inniu. Deisíonn sé an geata agus tagann sé ar ghrianghraf de féin agus dá ghabhar, ar sheangheansaí dá chuid, ar ghráinneog agus ar ghluaisrothar.
An litir 'G'
Ó a Sheáin | Fónaicí
4:35
Tá Seán ag déanamh ealaíne sa chaifé inniu. Tarraingíonn sé cat, cáca, ciaróg, carr agus capall ar an gclár cailce.
An litir 'C'
Ó a Sheáin | Fónaicí
5:06
Tá Seán ag dul ar a laethanta saoire inniu agus tá mála á phacáil aige. Cuireann sé péire brístí gearra, pónairí, prátaí, próca agus pinginí ina chás.
An litir 'P'
Ó a Sheáin | Fónaicí
4:46
Tá Seán ag spraoi lena chluiche feirme inniu. Tá teach, tarracóir agus tarbh aige. Baineann sé tornapa agus ligeann sé a scíth ar an tuí lena thíogar.
An litir 'T'
Ó a Sheáin | Fónaicí
4:03
Téann Seán chuig an siopa inniu agus tá eachtra aige le balún bán, balún buí, banana, buicéad, agus bosca bruscair. Gortaíonn sé a mhéar agus ceannaíonn sé bindealán sa siopa.
An litir 'B'
Ó a Sheáin | Fónaicí
4:15
Tá Seán ar a bhealach go dtí an leabharlann inniu agus raicéad leadóige faoina ascaill aige. Tarraingíonn sé pictiúr ar a liathróid agus léann sé leabhar álainn. Itheann sé ceapaire a bhfuil liamhás agus leitís ann ag am lóin.
An litir 'L'
Ó a Sheáin | Fónaicí
4:45
Sa gharraí a bheidh Seán inniu. Cuireann sé tiúilipí áille agus tá sé an-bhródúil as a chuid trátaí. Ólann sé tae agus ligeann sé a scíth.
An litir 'T'
Ó a Sheáin | Fónaicí
4:55
Tá Seán ag seinm ceoil sa pháirc inniu agus beireann sé leis cathaoir, cat, crogall, carbhat agus caipín, agus itheann sé ceapaire le haghaidh lóin.
An litir 'C'
Ó a Sheáin | Fónaicí
4:45
Tá Seán gnóthach lena chuid ealaíne inniu. Tarraingíonn sé péacóg, pianó, pálás, plúirín sneachta agus poipín lena pheann luaidhe agus cuireann sé dath orthu le péint. Réitíonn sé pota tae dó féin agus itheann sé putóg dhubh agus pónairí glasa.
An litir 'P'
Ó a Sheáin | Fónaicí
4:33
Inniu baineann Seán triail as caitheamh aimsire nua le snáth agus scuab. Glacann sé sos agus itheann sé seacláid sula seinneann sé an sacsafón.
An litir 'S'
Ó a Sheáin | Fónaicí
4:21
Téann Seán ag siopadóireacht inniu agus ceannaíonn sé oinniún, oráistí agus ochtapas. Ceannaíonn sé ocht stampa in Oifig an Phoist agus greamaíonn siad dá mhéara.
An litir 'O'
Ó a Sheáin | Fónaicí
4:23
Faigheann Seán cuireadh chuig cóisir i gclúdach galánta. Tá a chos gortaithe aige agus glaonn sé ar thacsaí le dul ann. Tá culaith bhreá agus stocaí corcra á gcaitheamh aige.
An litir 'C'
Ó a Sheáin | Fónaicí
4:21
Tá Seán ag cócaireacht inniu agus naoi n-ispín ar an mbeárbaiciú aige. Téann sé ar thóir naprúin agus tagann sé ar neantóga, ar nead, agus ar nathair nimhe.
An litir 'N'
Ó a Sheáin | Fónaicí
4:31
Breithlá mhamaí Sheáin atá ann inniu. Téann sé ag siopadóireacht agus ceannaíonn sé madra, maisiúcháin, muga, milseáin agus mála.
An litir 'M'
Ó a Sheáin | Fónaicí
4:00
Tá coinne ag Seán leis an bhfiaclóir inniu, ach tá sé ag stealladh báistí taobh amuigh. Imríonn sé cluiche fichille agus folach bíog agus é ag fanacht. Ligeann sé air féin go bhfuil fiabhras air, ach ansin tugann sé faoi deara go bhfuil botún déanta aige lena fhéilire agus nach bhfuil coinne aige go dtí mí Feabhra.
An litir 'F'
Ó a Sheáin | Fónaicí
4:19
Dúisíonn damhán alla Seán agus tosaíonn sé ag imirt lena fheadóg dhearg agus lena thraein dhonn, ach cuireann duilleoga moill ar an traein sula mbaineann sí an droichead amach. Tagann tart air agus ólann sé deoch ansin.
An litir 'D'
Ó a Sheáin | Fónaicí
4:27
Ag fanacht ar an mbus a bhíonn Seán nuair a chailleann sé a liathróid. Ceannaíonn sé oighear, lámhainní agus liathróid dhearg agus bhuí ina háit. Cuireann léarscáil mearbhall air.
An litir 'L'
Ó a Sheáin | Fónaicí
4:20
Téann Seán chuig caifé chun breithlá a asail a cheiliúradh. Ordaíonn sé anraith agus arán, agus íocann sé an bille lena chuid airgid.
An litir 'A'
Ó a Sheáin | Fónaicí
5:00
Inniu, gléasann Seán é féin ina rí, róbat, Rómhánach agus imreoir rugbaí.
An litir 'R'
Ó a Sheáin | Fónaicí
3:57
Inniu, úsáidfidh Seán salann, siúcra agus spaigití le cáca milis a dhéanamh. Íosfaidh sé subh ón spúnóg ar deireadh.
An litir 'S'
Ó a Sheáin | Fónaicí
4:34
Beidh bosca cultacha ag Seán inniu ina bhfuil eitleog, eala agus eireaball. Ligeann sé air féin gur eolaí agus eilifint é, agus déanann sé éacht lena chapall.
An litir 'E'
Ó a Sheáin | Fónaicí
5:00
Inniu, féachfaidh Seán le doras a bhfuil díoscán ann a dheisiú. Tagann sé ar dhineasár, ar dhroichead agus ar dhréimire sa tseid. Téann sé chuig an siopa chun ola a cheannach agus tagann sé ar ais abhaile le druma, deoch agus duais!
An litir 'D'
Ó a Sheáin | Fónaicí
5:03
Inniu breithlá Sheáin. Tá borróg bhlasta faighte le hithe aige agus neart bronntanas. Déanann sé bád as bosca agus ligeann sé air féin gur bádóir é le báisín uisce.
An litir 'B'
Ó a Sheáin | Fónaicí
5:09
Tá Seán ag ligean air féin gur draíodóir é inniu agus é ag iarraidh lacha a bhaint as a hata. Ní thagann ach frog, fear, feamainn agus faoileán as. Seán bocht!
An litir 'F'
Ó a Sheáin | Fónaicí
5:03
Saol Leonardo Da Vinci
Cúla4 ar Scoil
4:24