An chéad chlár tráth na gceist do dhéagóirí i nGaeilge! Tabharfaidh dhá fhoireann as meánscoileanna ar fud na hÉireann aghaidh ar a chéile chun duaiseanna a bhuachan agus beidh cúig bhabhta spraíúil i ngach clár. Beidh daltaí ó Mheánscoil Ag Foghlaim Le Chéile Páirc Chaisleán Dhumhach Thrá ag tabhairt aghaidh ar dhaltaí ó Choláiste Mhuire Droichead Átha sa gclár seo. Á chur i láthair ag Síomha Ní Ruairc.