Gnó - Cás Staidéir
Scag de réir rang:
Scag de réir rang
Thug Mia Nic Dáibhéid as Anagaire Gradaim 'Fiontraí Óg na Bliana 2023' ag Gradaim Gnó na hÉireann Ghlór na nGael léi Is as Anagaire i nGaeltacht Dhún na nGall do Mia a thosaigh a gnó féin ag díol uachtar reoite ar láthair an ghnó teaglaigh. D'oscail sí Siopa Uachtar Reoite Mhic Dhaibhéid 2021. Tá an siopa ag fás gach uile lá ó shin de bharr saothar an deichniúir atá anois ag obair ann agus dá bharr úsáid cliste na meáin shoisialta.
Fiontraí Óg na Bliana - Mia Nic Dáibhéid
3:52
Ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne do Ruairí Ó hÓgáin, Diarmuid Ó Séaghadha, Leo de Brún and Cathal Ó Dufaigh. Bhunaigh siad an chomhlacht Fíricí Fánnacha mar thionscadal idirbhliana ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne. Tá súil acu a gcuid díolacháin a leathnú chuig margadh níos leithne amach anseo. Deir na moltóirí go bhfuil bua ar leith ag na fir óga seo don fhiontraíocht agus go bhfuil paisean acu don Ghaeilge agus don spóirt.
👏Fíricí Fánacha👏
Ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne bhunaigh na daltaí scoile Fíricí Fánnacha mar thionscadal idirbhliana ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne.
1:53
D’oscail Ionad Cois Locha na doirse don chéad uair ó thosaigh an paindéim. Rinne muintir na háite obair mhór leis an áit a réiteach do na cuairteoirí.
Ionad Cois Locha
4:27
Tá Drioglann Croithlí foscáilte mar ionad turasóireachta anois. Bhí seoladh oifigiúil acu i mí Iúil agus tá an áit gnóthach ó shin. Tá turais thart ar an fhoirgneamh agus bia & deoch le fáil anois fosta agus tá cuairteoirí ó fud fad an Domhain ag bualadh isteach chucu.
Drioglann Croithlí - Ré Nua
4:25
Tá lucht gnó in Inis Mór, Árainn ag súil go dtiocfaidh borradh faoin turasóireacht agus maolú le teacht ar shrianta Covid a 19 as seo go ceann cúpla mí. Tá muintir na hÉireann ag déanamh ar an oileán cheana féin an deireadh seachtaine gréine seo.
Lucht gnó in Inis Mór, Árainn ag súil go dtiocfaidh borradh faoin turasóireacht
2:19
Is fiú cuairt a thabhairt ar Theach Solais Fhánada an Samhradh seo. Tá sé ann le breis is 200 bliain. Osclaíodh é ar Lá Fhéile Pádraig 1817. Sa lá atá inniu ann tá sé ar cheann de na "Great Lighthouses of Ireland". Labhair MOLSCÉAL le Eimear Ní Mhathúna, bainisteoir theach solais Cionn Fhánada.
Teach Solais Fhánada #Gaeltacht
Is fiú cuairt a thabhairt ar Theach Solais Fhánada an Samhradh seo. Tá sé ann le breis is 200 bliain.
2:30