Cén chaoi a raibh an saol fadó? Céard a d'ithidís? Cén chaoi a ndéanaidís spraoi? Agus eh...cá dtéidís chuig an leithreas...? Fáilte chuig Siar Linn, an seó ina gcuirfear eolas ar ré ar leith sa stair trí chluichí éagsúla a imirt. Rachaidh an Scuad Staire siar go dtí na 1900í ar Shráid Henrietta i mBaile Átha Cliath.