Físeán gairid ag déanamh cur síos ar an bpáirt a bhí ag Margaret Ball i stair na hÉireann. Bhí Margaret Ball ina húinéir talún i gContae na Mí sna 1500í. Bhí sí ina Caitliceach cráifeach agus dhiúltaigh sí an Protastúnachas. Mar thorradh ar sin, chuir a mhac fhéin i bpríosún í agus cailleadh ann í in 1584. In 1992, d'fhógair Pápa Eoin Pól II mar dhuine beannaithe í.