Déanann Caitríona agus Aimée anailís ar 'Na Déithe Bréige' le Fionntán de Brún. Pléann siad téamaí na fimíneachta agus míníonn siad an dóigh is fearr le hanailís a dhéanamh ar an scéal, le cuidiú ón údar féin.
Spriocanna Foghlama:
Tuiscint agus meas na scoláirí ar ghearrscéalta na Gaeilge a ardú agus a chothú, ag A-Leibhéal agus Ardtéistimereacht. Feabhas a dhéanamh ar a scileanna tuisceana, ar a gcumas ciúta literatha a aithint, ar nathanna cainte agus ar fhoclóir casta. Rannpháirtíocht a mholadh tríd an churaclam a chur i láthair ar dhóigh úr, spreagúil. Scileanna éisteachta a neartú le haithrisí fuaime agus físe (le fotheidil), i gcanúíntí na scríbhneoirí. Foghlaim fríd ábhar inrochtana do mhúinteoirí agus do scolairí le húsáid a bhaint as sa seomra ranga nó áit ar bith eile. Forbairt a dhéanamh ar chumas na scolairí anailís a dhéanamh ar scéalta, agus ar a gcumas le teicnicí scéalaíochta a aithint.
Na hEochairfhocail:
Léamh, Prós, Scéal, Foghlaim, Anam na Teanga, de Brún, Anailís.