Is modh foghlama é an tumoideachas a chuidíonn le páistí an Ghaeilge a shealbhú go nádúrtha. Ciallaíonn sé gurb í an Ghaeilge an teanga chumarsáide agus spraoi sa naíonra. Ar an gcaoi seo, cothaítear líofacht an pháiste sa Ghaeilge. Léirithe le tacaíocht ó Gaeloideachas agus Foras na Gaeilge.