Bunscoil
Sraith Shóisearach & GCSE
Ardteist, AS/A2 & Foghlaimeoirí Fásta
SIAR
Málaí Cóisire
6:57
Roinn le Google Classroom
Roinn le Microsoft Teams
SÁBHÁIL
0
Mat na Maitice
Caithfidh Mat málaí cóisíre a ullmhú dá chairde agus féiríní iontu ach tá sé ag iarraidh na málaí a líonadh ionas go mbeadh méid cothrom milseán ag achan duine.
Bain triail as an dúshlán seo!
Bain triail as
Ceachtanna lena mbaineann
Cuidigh leis an cheathrar cairde na fadhbanna a réiteach, puzáil a oibriú amach agus spraoi a bheith acu le codáin. Acmhainn léirithe ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Foras na Gaeilge, an tÁisaonad, CCEA agus Seedling Education.
Ceathrú na gCodán
Baile na Mata
0:40
Maidin Shathairn atá ann agus Mat traochta i ndiaidh seachtain a chaitheamh ar scoil ach músclaíonn sé agus áthas air cionn is go mbeidh sé ag dul chuig cluiche peile inniu lena athair. Ba mhaith le Mat fáil amach cén t-am a mbeidh siad ann.
Cén t-am a mbeimid ann?
Mat na Maitice
7:21
Tá Mat go hiomlán gafa leis an pheil agus é ag iarraidh dul chuig na siopaí leis an léine peile is úire de chuid Dhún na nGall a cheannach. Cad é a dhéanfaidh sé muna bhfuil go leor aige lena cheannach!
Léine Peile Nua
Mat na Maitice
7:40
Tá Mat, Siún agus a máthair sa teach nuair a chluineann siad veain uachtar reoite ag teacht. Impíonn na páistí ar a máthair airgead a thabhairt dóibh le huachtar reoite a cheannach ach níl aon bhriseadh ag a máthair, cad é a dhéanfaidh siad?
Uachtar Reoite
Mat na Maitice
5:58
Caithfidh Mat agus Siún praghsanna do bhonnóga a oibriú amach ach tá Mat den bharúil go dtiocfadh leis an t-airgead a choinneáil dó féin.
Díolachán Bonnóga
Mat na Maitice
3:53
Beidh Mamó agus Daideo na bpáistí ag teacht ar cuairt fá choinne cúpán tae agus ba mhaith leis na páistí brioscaí Nollag a bhácáil dóibh agus cruthanna a bhaineann leis an Nollaig orthu.
Brioscaí na Nollag
Mat na Maitice
5:44
Tá na gasúir ina suí ag cur plean le chéile mar go bhfuil smaoineamh acu gnó a thoiseacht ag díol líomanáide le hairgead a shaothrú.
Seastán Liomanáide
Mat na Maitice
8:33
Cinníonn athair Mat tóraíocht taisce a eagrú do na páistí ionas gur féidir leis é a léamh faoi shuaimhneas. Tá na páistí an-iomaíoch faoin dúshlán atá curtha rompu chun cruthanna a bhailiú.
Toraíocht Taisce
Mat na Maitice
7:05
Iarrann athair Mat air cuidiú leispíotsa a roinnt go cothrom ach tá mearbhall ar Mat faoin méid uair a chaithfidh sé an píotsa a ghearradh ionas go mbeadh slisín ag achan duine!
Píotsa
Mat na Maitice
6:18
Beidh tionscadal matamaitice ag Mat ar an tseachtain seo chugainn agus d’iarr a mhúinteoir air rudaí difriúla a mheá le fáil amach cé chomh trom agus éadrom is atá gach rud.
Cén meáchan atá aige?
Mat na Maitice
5:41