Is scéal é an dán seo faoi dhuine nach n-éiríonn go rómhaith leis agus é ar imirce i Londain. Déanann an dán seo cur síos ar an náire atá ar an bhfear seo dá bharr. Léachtóir, iriseoir agus scríbhneoir is ea í Áine Ní Ghlinn. Tá dhá leabhar is fiche scríofa aici – ceithre chnuasach filíochta agus ocht leabhar déag do dhéagóirí agus do léitheoirí óga. Chaith sí roinnt blianta mar mhúinteoir meánscoile ach d’éirigh sí as sin le bheith ina hiriseoir le RTÉ agus le Raidió na Gaeltachta.