Bhí Lá Náisiúnta na Teanga Comharthaíochta ann Déardaoin agus thug Aisling cuairt ar Bhaile Bodhar Éireann i gCabrach i mBaile Átha Cliath leis an gcaifé nua atá acu a fheiceáil. Dearadh an caifé seo go speisialta do dhaoine atá bodhar nó a bhfuil lagéisteacht acu. Tá teanga na comharthaíochta ag gach duine a oibríonn ann agus tá áiseanna ar nós scáileáin tadhaill ann a chabhraíonn leis na bodhair a gcuid orduithe a chur isteach. Thug Annemarie atá ag obair sa chaifé ceacht beag teanga comharthaíochta do lucht féachana Nuacht Cúla4.