Bunscoil
An tSraith Shóisearach/G.C.S.E
An tSraith Shinsearach/AS/A2
Bunscoil
An tSraith Shóisearach/G.C.S.E
An tSraith Shinsearach/AS/A2
SIAR
Portaigh na tíre a fhliuchadh chun dul i ngleic le cúrsaí aeráide
1:47
Roinn le Google Classroom
SÁBHÁIL
1
Le dul i ngleic le cúrsaí aeráide, tá sé beartaithe ag an rialtas na mílte acra de phortaigh na tíre a athfhliuchadh agus a athghlanadh.
Ceachtanna lena mbaineann
Ag ceiliúradh céad bhliain den Gharda Síochána, bhí lá oscailte ag na Gardaí i Maigh Chromtha. Chaith Molscéal an lá leo ina raibh stair, beocht, agus dóchas don todhchaí an fhórsa ar taispeántas ann.
Lá Comórtha na nGardaí
4:10
Tá an ceann is fearr ar Ghaillimh faighte ag Ciarraí i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile na hÉireann 2022.
Cluiche Ceannais na hÉireann buaite ag Ciarraí
1:59
Tá Gaillimh agus Ciarraí tar éis cáiliú do na babhtaí leathcheannais i gcraobhchomórtas peile na hÉireann
Gaillimh agus Ciarraí cáilithe do chluichí leathcheannais na hÉireann
2:12
Ní aon bhean sa Daingean atá i gceist ach 'Bean' nó pónaire atá i gceist sa chaifé iomráiteach seo a bhfuil idir Latté agus leath-tae ar fáil inti. Tá na haon saghas rogha ar fáil i 'Bean' agus muintir Burgess ag déanamh obair na gcapall anseo i gcroí lár an Daingin. Chaitheamar an lá le Pádraig agus é i mbun oibre (nó i mbun cainte!) ar an lá is gnóthaí acu i mbliana.
'BEAN' sa Daingean
3:13
Líon na bhfianna fiáine i ndeisceart na Gaillimhe agus i dtuaisceart an Chláir imithe ó smacht, dar le feirmeoirí
Méadú tagtha ar líon na bhfianna fiáine i nGaillimh agus sa Chláir
1:37
Tá tús curtha le feachtas pobail chun pictiúrlann an Daingin a shábháil
Iarphictiúrlann an Daingin: súil leis an dara haiséirí
2:26
Tá a chustaiméirí rialta agus a chomhlacht féin, Uibheacha an Ardrí, ag Caolán Ó Corraoin atá fós ina scoláire bunscoile i rang a cúig. Díolann sé uibheacha gach lá óna bhosca macántachta atá suite ar Bhóthar Heilbhic i mBaile Uí Raghallaigh sa Rinn i nGaeltacht na nDéise. Thosaigh sé amach le sicín nó dhó, bheathaigh sé iad, cheannaigh sé a thuilleadh agus anois tá thart ar dhaichead cearc aige.
Entrepreneur na gCearc
3:21
Tá 37 lá caite ag lucht agóide i gContae Chiarraí agus iad ag cur bac ar oibrithe crann cumarsáide úr a chríochnú. Deir lucht na hagóide go bhfuil an crann atá 20 méadar in airde róchóngarach do theach cónaithe agus nach mbogfaidh siad go dtí go n-aistreofar an crann go suíomh eile.
Tá lucht agóide ag cur bac ar chrann cumarsáide nua i gCiarraí
2:24
Chuir Conor Holden tús lena shaol ag obair le leathar trí sheans nuair a chaith sé seal i Londain agus é 17. Is é ceann dos na leatharlanna is sinne sa tír atá aige anois agus gach uile rud lámhdhéanta acu. Tá an cheardlann féin lonnaithe i seanscoil athchóirithe atá buailte ar Chuan an Daingin agus chaitheamar an lá leis agus é ag réiteach mála bhreá leathair dheirg!
Leatharlann Holden
3:02
Creid é nó ná creid, ach fuair foireann an stáisiúin glaoch agus muid ag taifead leo le linn na traenála - ní fios ag aon duine cathain a bheidh cruachás! Chaitheamar an oíche ag an stáisiún agus na fir ag ullmhú i gcomhair aon saghas eachtra a thiocfadh. Deir ceannoifigeach an stáisiún, Breandán Firtéar, go bhfuil na cásanna a chabhraíonn siad leo athruithe go mór ón uair a thosaigh sé siúd ag obair mar fhear dóiteáin, siar i 1999.
Stáisiún Dóiteáin Chorca Dhuibhne
3:48