Is Eolaí Mé
24:49
Roinn le Google Classroom
Roinn le Microsoft Teams
SÁBHÁIL
0
Spástaisteal
Spástaisteal is ábhar do chlár an lae inniu. Tabharfaidh Peadar cuairt ar Mhúsaem na hEolaíochta i Londain chun níos mó a fhoghlaim faoi spásairí. Beidh Dáithí agus Peadar sa stiúideo i mbun turgnaimh chun rud ar a dtugtar móiminteam uilleach a thaispeáint. Rachaidh ár dtuairisceoir Caitríona agus a cairde ag féachaint ar réaltaí ag Réadlann Dhún Sinche i mBaile Átha Cliath. Foghlaimeoimid freisin faoin eolaí cáiliúil Valentina Tereshkova.