Is Eolaí Mé
25:36
Roinn le Google Classroom
Roinn le Microsoft Teams
SÁBHÁIL
0
Seandálaíocht
An tseandálaíocht is ábhar do chlár an lae inniu. Tabharfaidh Peadar cuairt ar oileán a bhfuil crannóg air, agus beidh sé ag foghlaim faoi na slite a mbíodh daoine á gcosaint féin fadó. Beidh Nina agus Izzy sa stiúideo ag cabhrú le Peadar a fháil amach chomh sean is atá rud ón tsraith chréafóige inar aimsíodh é, agus tabharfaidh Caitríona agus a cairde cuairt ar Scoil Seandálaíochta i mBaile Átha Troim. Foghlaimeoimid freisin faoin eolaí cáiliúil Aodh Buidhe Mac an Bhaird.