Roinn le Google Classroom
An Grianchóras
An grianchóras is ábhar do chlár an lae inniu. Beidh Fionán Ó Conghaile agus Pat Ó Murchú sa stiúideo agus iad ag déanamh teileascóip. Tabharfaidh Peadar cuairt ar Chaisleán Bhiorra go bhfeicfidh sé an teileascóp mór stairiúil ansin. Tabharfaidh Úna cuairt ar Réadlann Chaisleán na Dúcharraige lena cairde. Tá trioblóidí ag an Ollamh Ullamh le hAodh arís.