Abair Amhrán | Óró sé do Bheatha Bhaile 💚🎶👩🏻‍🦰🏴‍☠️
2:04
Roinn le Google Classroom
Roinn le Microsoft Teams
SÁBHÁIL
0
LIRICÍ THÍOS | ÓRÓ SÉ DO BHEATHA BHAILE ⬇️ Óró, sé do bheatha 'bhaile, Óró, sé do bheatha 'bhaile, Óró, sé do bheatha 'bhaile Anois ar theacht an tsamhraidh. 'Sé do bheatha, a bhean ba léanmhar, Do b' é ár gcreach thú bheith i ngéibheann, Do dhúiche bhreá i seilbh méirleach, Is tú díolta leis na Gallaibh. Óró, sé do bheatha 'bhaile, Óró, sé do bheatha 'bhaile, Óró, sé do bheatha 'bhaile Anois ar theacht an tsamhraidh. Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile, Óglaigh armtha léi mar gharda, Gaeil iad féin is ní Frainc ná Spáinnigh, Is cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh. Óró, sé do bheatha 'bhaile, Óró, sé do bheatha 'bhaile, Óró, sé do bheatha 'bhaile Anois ar theacht an tsamhraidh. Óró, sé do bheatha 'bhaile, Óró, sé do bheatha 'bhaile, Óró, sé do bheatha 'bhaile Anois ar theacht an tsamhraidh. ➡️cula4.com 📲Aip Cúla4 (iOS nó Android) #cúla4 #gaeilge #songsforkids #irishsongs #amhrán