Abair Amhrán | Peigín Leitir Móir 👱🏻♀️🥰💚🎶
2:04
LIRICÍ THÍOS | PEIGÍN LEITIR MÓIR ⬇️
O gairim gairim í,
Agus gairim í, mo stór;
Míle grá le m'anam í
'Sí Peigín Leitir Móir!
Éirigh suas, a Pheigín
Agus seas ar bharr an aird
Comhar do chuid bullán
Agus féach an bhfuil siad ann.
O gairim gairim í,
Agus gairim í, mo stór;
Míle grá le m'anam í
'Sí Peigín Leitir Móir!
Tá Bríd agam 's tá Cáit agam
'Sí Peig an bhean is fearr;
Pé'r bith fear a gheobhas í,
Nach air a bhéas an t-ádh.
O gairim gairim í,
Agus gairim í, mo stór;
Míle grá le m'anam í
'Sí Peigín Leitir Móir!
Chuir mé scéala siar chuici
Go gceannóin di bád mór;
'Sé'n scéala 'chuir sí anair chugham
go ndéanfadh leathbhád seoil.
O gairim gairim í,
Agus gairim í, mo stór;
Míle grá le m'anam í
'Sí Peigín Leitir Móir!
Tá iascairí na Gaillimhe
Ag teacht anior le cóir
Le solas gealaí gile
Nó go bhfeicidís an tseoid.
O gairim gairim í,
Agus gairim í, mo stór;
Míle grá le m'anam í
'Sí Peigín Leitir Móir!
O gairim gairim í,
Agus gairim í, mo stór;
Míle grá le m'anam í
'Sí Peigín Leitir Móir!
TUILLEADH AMHRÁNAÍOCHTA ⬇️🎶
https://youtube.com/playlist?list=PLbcLsUBW9b3Dx1es1xKzUvPI8rMPQL7dY&si=HwtdAJuc3rc6YKth
➡️cula4.com
📲Aip Cúla4 (iOS nó Android)
#cúla4 #gaeilge #songsforkids #irishsongs #amhrán